Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)saighdiúirí. Thosnuigheadar ag lámhach le Seán ach ní raghadh aon pilear tríd. "Maran stadfaidh sibh le bhúr poiríní cloch, cuirfead d'fhiacaibh oraibh" arsa Seán. Níor stad siad agus rug sé ar earbaill ar capall an oifigigh agus d'fhan sé ag bualadh na saighdiúirí leis an gcapall ná raibh aige ach an t-earball.
Chuaidh Seán abhaile annsan agus nuair a chonnaic Palaster é chuir sé fios ar an bean feasa arís. "Caithfidh tú é cur go h-Ifrionn an babhta seo agus abair leis t'athair a dhéanamh amach má tá sé ann". D'innis sé do Sheán cá raibh sé a chur agus dubhairt Seán go raghadh sé ach súiste iarainn a thabhairt do. Fuair se an súiste agus níor stad se gur shrois sé geataí Ifrinn. "Cé tá annsan?" ars an diabhal mór. "Sean na Rósters", arsa diabhal eile. "Ná leig isteach é a cuige" arsa diabhail eile, "marbhóchaidh sé sinn go léir". Nuair ná leigfidhe isteach é do bhris Seán an geata agus chuaidh sé isteach. Do chuaidh se taobh istigh des na diabhail go léir agus do thiomáin sé leis ar aghaidh iad nó gur tháinig sé dtí doras Palaster.
"Seo iad anois agat iad, féach an bhfaighfeá do bhligeárd athar 'na measc" ar seisean.
Dubhairt Palastear nach raibh sé ann a chuige agus iad a thiomáint leis arís dtí Ifrionn.
Dubhairt Seán na déanfadh sé go bhfaigheadh sé céad púnt agus inghean Palastear in a fhocair. Ní raibh dada le déanamh ag Palaster ach iad a thabhairt dó agus do thiomáin sé na diabhail thar nais arís dtí Ifrionn.- Faisnéiseoir
- R. Ó Riain