School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Page 298
- XML “Éadaí”
- XML “Cniotáil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus déanann sé an-chuid oibre do na daoine annso.
Oibrigheann na táilliúirí sa bhaile anois, fadó do théighidís ó thigh go thigh mar a théigheadh siúinéirí agus ughaimeadóirí. Is gnáthach leis na táilliúirí éadach a bheith sa tigh acu le díol.
Ceannuigheann siad an t-éadach ins an muileann in Ardfhionnáin, agus ó's na siopaí móra agus i mBaile-Átha-Cliath. Bíonn siosúr, deimheas, miosúr, inneal fuaghála, snáth agus snáthaid, méarachan, iarann mór trom agus píosa cailce ag an táilliúir. - Cniotálann bean dárbh ainm dí Cáit Ní Lonnargáin a comhnuigheann ag dún an Fhaoitigh in aice Cill Manaicín stocaí le maisín. Tugann na daoine a dheineann sí stocaí dóibh an snáth dí, ceannuigheann siad an snáth ins na siopaí.
Tá roinnt túirne i mBarra na h-Uidhre ach níl aon ceann sa pharróiste seo.
Oibrigheann Bean Ní Crottaigh ó Barra na h-Uidhre an túirne fós. Slámann sí agus sníomhann sí an olann agus déinann sí stocaí de.