School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 248
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéalta Grinn
    Do fuaireas na scéalta seo leanas ó Ruaidhrí Ó Riain, Baile Nua, Baile Mac Cairbre. 53 bl. d'aois. Feirmeoir seadh e. Rugadh agus tógadh e sa pharóiste seo, chaith sé an cuid is mó d'á shaoghal annso. Do chlois sé na scéalta ó'n a uncail agus é in a gharsún. Tá togha na Gaedhilge aige ach ní féidir leis í léigheamh ná scríobhadh.
    1. Bhí fear ag baint cruithneactan le corrán trí fichid blian ó'shoin. An biadh a bhí acu leite trí uaire an lae. Níor thaithn san leis an bhfear mar uisce ba mhó a bhí sa leite agus dubhairt sé, "Nár chada leat leite a rithfeadh leis an bhfána nach rithfeadh sé i gcoinne an chnuic".
    2. Bhí bean ann fadó agus d'imthigh bó amugha uaithí. D'iarr sí ar an sagart a fhiafruighe de'n phobal Dé Domhnaigh an bhfeacaidh aoinne an bhó. Béarla a bhí ag an sagart. Bhí an sagart ag guidheachaint ar Cháit Ní Dhonnabháin a fuair bás De h_Aoine roimhe sin agus shíl an bhean gur ag fiafruighe de'n phobla an bhfeacadar a bó féin bhí sé agus dubhairt sí as lár an t-seipéil, "A comhartha san féin a athair bhí paiste breac ar a h-earball".
    3. D'iarr feirmeoir ar an sagart paróiste teacht dtí an tigh chun Aifreann a rádh mar bhí na muca 'á gcailleamhaint air. Do tháínig an sagart agus nuair a bhí an t-éadach air d'fhiafruigh sé de'n sagart cad a d'iarrfadh sé an t-Aifreann dó. "Do na muca, a athair", ars an feirmeoir agus is maith nár mharbhuigh an sagart é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0950: Rhampsinitus
    Language
    Irish
    Informant
    Ruaidhrí Ó Riain
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballymacarbry, Co. Waterford