School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 255
  3. XML “Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Naomh Pádraig ag gabháil thar brághaid lá agus bhí bean ag leathú beafaití. Nuair a chonnaic sí Naomh Pádraig dubhairt sí leis fuireach go dtabharfadh sí adbhar léine dhó. Dubhairt sé leí, "lean ort, a bhean, lean ort".
    D'fhan sí ag leathnú an beafaití nó gur líon se an páirc ar fad leis.
    Dubhairt sí an scéal do mhnaoi eile agus dubhairt an bhean eile go bhfairfeadh sí air go mbéadh sé ag gabháil thar brághaid arís.
    Nuair a tháinig sé bhí sí ag gearradh adhbhair léine dó agus dubhairt sí leis, "Fan go réidh, a Phádraig Naomhtha, tá mé ag gearradh adhbhair léine duit".
    "Lean ort, a bhean, lean ort", arsa Naomh Pádraig agus do fhan sí ag gearradh nó go ndein sé riopacha de'n méid beafaití a bhí aici.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Informant
    R. Ó Riain