Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Naomh Pádraig ag gabháil thar brághaid lá agus bhí bean ag leathú beafaití. Nuair a chonnaic sí Naomh Pádraig dubhairt sí leis fuireach go dtabharfadh sí adbhar léine dhó. Dubhairt sé leí, "lean ort, a bhean, lean ort".
D'fhan sí ag leathnú an beafaití nó gur líon se an páirc ar fad leis.
Dubhairt sí an scéal do mhnaoi eile agus dubhairt an bhean eile go bhfairfeadh sí air go mbéadh sé ag gabháil thar brághaid arís.
Nuair a tháinig sé bhí sí ag gearradh adhbhair léine dó agus dubhairt sí leis, "Fan go réidh, a Phádraig Naomhtha, tá mé ag gearradh adhbhair léine duit".
"Lean ort, a bhean, lean ort", arsa Naomh Pádraig agus do fhan sí ag gearradh nó go ndein sé riopacha de'n méid beafaití a bhí aici.- Faisnéiseoir
- R. Ó Riain