School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)6. "Ó, buailidh libh", ar seisean, "ar mo chion-ta féin atá mé ag troid".7. Máire Ní h-Annagáin agus an Sagart.
Bhí sagart paróiste agus "coadjutor" ag dul go dtí "stations" agus thógadar suas ferimeoir mór. Thánadar suas le Máire Ní h-Annagáin ar an mbóthar. Dubhairt an sagart paróiste go mbfearr a leigint di.
Nuair a bhíodar ag gabháíl amach thairistí dubhairt an sagart pharóiste, "Dia dhuit, a Mháire". "Dia is Muire duit, a athair paróiste" ar sise, "go mairidh thú do chulaith nua, go mairidh do snódh is do chreath, go mba buan thú in eaglais Críost is go mairidh tú go deo ar Neamh".
"A Mháire", ars an coadjutor, "cathain a thiocfaidh cainnt leis an bhfiach ndubh?".
"Nuair a thiocfaidh an míol mór ar an mang, nuair a thiocfaidh an Fhrainnc ar Shliabh Mis, nuair a caillfidh an sagart a shainnt, tiocfaidh an cainnt leis an bhfiach ndubh", arsa Máíre.
"A Mháíre", ars an feirmeoir, "cad deir tú liom-sa?"
"Deirim gur bog is reamhar tú, gur rug bean clann duit, gur chuir tú bainne i dteannta, agus go bhfuil bean eile in amhras".
"Cad deir tú, liomsa?" ar sisi leis an bhfeirmeoir. "Deirim, go mbainidh an diabhal an ceann díot", ars an feirmeoir.(continues on next page)- Informant
- Ruaidhrí Ó Riain
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballymacarbry, Co. Waterford