Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6. "Ó, buailidh libh", ar seisean, "ar mo chion-ta féin atá mé ag troid".7. Máire Ní h-Annagáin agus an Sagart.
Bhí sagart paróiste agus "coadjutor" ag dul go dtí "stations" agus thógadar suas ferimeoir mór. Thánadar suas le Máire Ní h-Annagáin ar an mbóthar. Dubhairt an sagart paróiste go mbfearr a leigint di.
Nuair a bhíodar ag gabháíl amach thairistí dubhairt an sagart pharóiste, "Dia dhuit, a Mháire". "Dia is Muire duit, a athair paróiste" ar sise, "go mairidh thú do chulaith nua, go mairidh do snódh is do chreath, go mba buan thú in eaglais Críost is go mairidh tú go deo ar Neamh".
"A Mháire", ars an coadjutor, "cathain a thiocfaidh cainnt leis an bhfiach ndubh?".
"Nuair a thiocfaidh an míol mór ar an mang, nuair a thiocfaidh an Fhrainnc ar Shliabh Mis, nuair a caillfidh an sagart a shainnt, tiocfaidh an cainnt leis an bhfiach ndubh", arsa Máíre.
"A Mháíre", ars an feirmeoir, "cad deir tú liom-sa?"
"Deirim gur bog is reamhar tú, gur rug bean clann duit, gur chuir tú bainne i dteannta, agus go bhfuil bean eile in amhras".
"Cad deir tú, liomsa?" ar sisi leis an bhfeirmeoir. "Deirim, go mbainidh an diabhal an ceann díot", ars an feirmeoir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Riain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhac Cairbre, Co. Phort Láirge