Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)8. Do chuaidh triúr mac na bárd-scolóige lá fadó agus robáileadar an Ridire Ruadh. Theicheadar leis an ór agus chuireadar i bhfolach é. Lean an Ridire iad leis a chuid armáil agus thainig se suas leo agus iad ag bruighean mar gheall ar chrann mór d'fhág an athair leo. D'fhiafruigh an Ridire díobh dé cúis a rabhadar ag bruighean. "Mar gheall ar crann d'fhág m'athair agam-sa" ars an céad mac.
"An méid a tá cam is díreach de, d'fhág m'athair agam-sa", ars an tarna mac.
"An méid atá úr agus críon de, d'fhág m'athair agam'sa", ars an triú mac.
"An méid atá fe bhun talmhan is ós cionn talmhan de", d'fhág m'athair agam-sa" ars an céad mac.
Dubhairt an Ridire Ruadh le n-a chuid fear gur amadáin iad san agus nach iad a robáil a chuigint é agus d'fhág sé annsan iad.9. An Sagart agus an stumpa amadáin
Chuaidh sagart maidin go dtí tigh feirmeora agus bhí fear istigh ann roimhe. D'fhiafruigh an sagart, "cad as do'n stumpa?"
"Anuas ós na Gleannta", ars an stumpa.
"Ní eolas dom ionnta", ars an sagart. "
"Mairim in a dteannta", ars a stumpa.
"Mise beag beann ort", ars an sagart.
"Mise leat amhlaidh", ars an stumpa.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Riain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhac Cairbre, Co. Phort Láirge