School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 344
  3. XML “Seán Bán Gabha”
  4. XML “Fiche Fiche Fiche Fíodóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bacach lóisdín an oidhche a bhí chúghainn i dtig feirmeóra. Bhí an fheirmeóir ag eirighe go moch ar mhaidean 'na dhiaidh sin chun go mbeadh tosach na ceárdchan aige. B'é riaghail an bhaill an té go mbeadh tosach na ceárdchan aige go gcaitfeadh sé a bhricfeast a thabhairt go dtí an gabha. Ní raibh aon chíste ag an bfeirmeóir oireamhnach chuige sin ach dúbhairt an bacach go raibh císte aige féin 'na mhála as go dtabharfadh sé do é as go bfeadfadh bean a' tíghe císte eile a bhácáil do féin. Sin mar a bhí. Nuair a bhí an gabha ag ithe a bhricfeasta ar maidin is air a bhí an t-iongnadh nuair a chonnaic sé na sabhairn istig sa chíste. Níor innis sé pioc d'aoinne mar bhí fhios aige ná raibh an t-airgead le fanamhaint ag an mbacach ar aon chuma. Níor airigheas trácht ar an mbeirt ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sa t-seana shaoghal nuair ná raibh aon eadach le caitheamh ages na daoine ach an t-eadach a dheinidís sa baile de lion agus d'olainn na bhíodh fighadóir nú dhó ins gach baile agus na seólta ar siubhal acu de ló agus d'oidhche. Bhí ainm bradach ar cuid des na fígheadóirí a bhí ann san am san. Bhí se d'ainm ortha go luighidís lámh ar chuid de'n t-snáth fhaighidís ós na daoine agus go gcuiridís le chéile é chun abhrais a dhéanamh dóibh féin i ndeire na bliadhna Cribeáil a thugadh na sean-daoine ar sin. Bhí aon fhigheadóir amháin ann agus bhí sé d'ainm air go gcribeálfhadh sé rud éigint as gach aon abhras a thagadh chuige. Bhí bean ana-glic ann ar a dtugtaí Siobhán Cháit Mhór agus chuimhng sí ar sheift chun
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Gréasaí
    Address
    An Inse Mhór, Co. Cork