Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Cailleacha”
  4. XML “Lios”
  5. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhí caillichín na nglaoidhtí shiar i nDoire’n
    Chuilinn agus bhíodh fear ag dul abhaile go déanach sa’n oidhche agus é ar meisge. Bhíodh sí ag teacht roimis agus á fhaireadh riamh is choidhche gur chuir sí de’n bhóthar é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá lios thall i Réid na nDoirí agus do deineadh taidhreamh do dhuine do bhí na chómhnuidhe i n-aice an leasa go raibh próca óir istig ann. Chuaidh sé féin agus beirt fhear eile ag rómhar agus ag tómhach an leasa san oidhche agus nuair d'aimsígheadar an t-ór ní thógfadh aoinne acu amach é mar tá shé ráidhthe go bfaghadh an duine sin bás i gcíonn tamaill bhig. Annsan do fuareadar duine símplídhe chun an t-ór do thógaint amach mar cheapadar nárbh aon díobhbháil é sin d'fághail bháis. Do thóg an fear símplídhe an t-ór amach agus do fuair sé bás tímcheall mí na dhiaidh san agus do bhí an t-ór ag na daoine eile
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Ceist
    Tá sé thoir tá sé thiar tá sé i ngáirdín Baile Átha Chliath, is mó a ghreim ná greim capaill agus ní itheann sé piuc na dhiaidh san.
    Freagra
    Speall.
    Ceist
    Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh éóghluis a's mac uí ghiobalachán ag rith na ndiaidh:
    Freagra
    Bó ag rith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Muirneach Beag, Co. Cork