Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 375
- XML “Scéal”
- XML “Naomh Gobnait”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bheith id cuibhrean faid mhairid tú
Púca agus samhail
Bheith rómhat ins gach aon ball
Agus púca ar do thoir
Nuair is dóigh leat nach baoghal duit - Nuair a bhí Naomh Gobnait i mBaile-Mhúirne tháinig daoine iasachta isteach sa pharóiste agus do thosnuigheadar ar Chaisleán do dhéanamh i bpáirc na biocalann. Níor thaitin le Naomh Gobnait iad do bheith á dhéanamh ann. Do shuigeadh sí thuas i gcathaor Gobnatan agus do chaiteadh sí bolla leis an gCaisleán. An méid a bíodh déanta acu i gcaitheamh an lae do leagadh sí um thráthnóna é leis an bolla. Do chaiteadar eiríghe as ar fad i gcionn tamaill. Nuair a bhíodh ba nú capaill breóidhte do bheireadh na daoine an bolla leó. Do cimilídir do'n ainmhídhe é agus do leigistí an ainmhídhe láithreach. Is minic a coimeádaidir é ar feadh seachtmaine agus níor taitin san le Noamh Gobnait. Do greamuigead an bolla i bpoll sa bfalla agus tá sé mar sin riamh ó shoin.
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí