Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímceall seasgad bliadhain ó shoin bhí tuille mhór annso i gCúil-Aodha. Sa tSamhradh a bhí sí ann agus níor dhein sí puinn díoghbhála. Do bhí daoine ag peith muca ó Mhaghchromdha go Neidín. Do bheiridís cuid acu i gcrib agus chomáinidhís an cuid eile. Nuair a bhíodh a méid a bhíodh ag siubhal corta chuiridís sa crib iad agus thógaidís amach an cuid eile. Bhi ana spórt ag muinntir na parróiste ag feachaint ar na mucaibh ag snámh sa tuille. Bhí aon chullach mhór amhaín ann agus chuaidh sé síos san ínse. Do rith fear mór 'na dhiaidh agus uisge go crománaibh ar. Cheapadar ná feicfí an cullach a thuille ach snáimh sé thar n-ais arís.
    Bhí sneachta mór ann geall leis céad bliadhain ó shoin. Bhí sé morán troighthe ar dhoimhneas. Tháinig sioc anáirde ar agus nhí capaill agus turcaillí ábalta ar shiubhal ar gan dul síos tríd. Sneachta séidain a bheadh é agus bhí gach aon póirse lan agus tháinig sneachta isteach trí pholl na h-eochrach ina lán tighthe. Bí caoire amuigh ar a gcnoc agus nuair a chludaig an sneacht iad dheineadar seómraí dóibh féin fé'n dtalamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí