School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 312
  3. XML “Piseoga”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aon rud a thosnóchaí Dia hAoine ní bhíonn sé abhfad á críochnú.
    Dá labharfadh iasgairí ar mhada ruadh nú ar gadhar ní bheadh an rath leó an lá nú an oidhche sin.
    Dá mbeadh naoidhean á mholadh agat ba cheart seile do chaitheamh air ar eagla go ndéunfa é do mhothúghadh.
    Ba cheart durt teacht amach as an leabaigh san taobh céudna nar chuadhais isteach ann nó ní bheadh aon rath ort i rith an lae sin.
    Ní ceart pinniúr iarta do dhruideamhaint siar.
    Ní ceart ingine do bhearradh Dia Domhnaigh.
    Dá ndeintí na ba do bhualtú oidhche Bealtaine ní féidir toradh na mbó san do bhreith uait ar feadh na bliadhna.
    Dá leagtaí salann ar an mbórd sin cómhartha go mbeadh troid sa tigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Fadó do bhí liathróid i ngach tig...

    Fadó do bhíodh liathróid geire na chrochadh i ngach tig agus do géartar anuas smut de anois a's arís chin anlainn do dhéanamh de. Chuaidh beirt fear ón sliabh lá ag deanamh cleamhais i n-aice Corcaigh agus tar-éis greas cainnte do deineadh an té dóibh. Do leagadh amach bórd breágh le h-arán a's cais. Ní raibh ain taithíghe ag duine acu ar an gcáise agus tug a chomrádaighe fé ndeara ná raibh sé ag ithe puinn agus ar sisean. "Ith suas a bráthair arán a's cáise. Agus dúbhairt an fear eile. "Dar fiadh ma's ó'n sliabh féin sinn d'aithneóchaimís geir."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Muláin
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Oibrí
    Address
    An Muirneach Beag, Co. Cork
  3. (no title)

    Do bhí droichead cláir ag an Muileann fadó...

    Do bí drathead cláir ag an Muileann fadó agus do téigead na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.