School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 316
- XML “Amhrán - An tSeanbhean Bocht”
- XML “Cailleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)As sgaoil uait amach go reamhar iad mo shean-bhean bhocht,
As arís ar theacht na Bealtaine beidh meeting mór a's rogha 'gat,
Agus tiocfaidh rí na camfadh ort mo shean-bhean bhocht.
(4)
Níl a saoghal ar fad chómh suairc ag an sean-bhean bhocht,
Mar bíonn eagla leath chluaise ar a' sean-bhean bhocht,
Nuair a labhrann sí ró stuacach le coc i dtig na stuaice
Fághann an bata fan na guailne mo shean-bhean bhocht.
(5)
Ní fhéudfadh rí na bainrioghan an dream so do stop,
Faid atá Domhnall Creed mar ceann ortha a's é ag dabhas chúghainn le h-olc,
Tá tuille 'cu sa ball so do bheadh go breágh a's go sleamhain leat,
As go bfáiscidís an t-sreang ort mo shean-bhean bhocht.
(6)
An bhfanfadh sibh go Bealtaine as bhur dteangacha do stop,
D'imtheóchainn-se as mo ghamhnacha gan clampar, gan olc,
Soir sa baille galldha mar tá an fheirm tailimh geallta dhúi.....
Mar gur truime an ceart atá ann nó an samhaisc dúrtha annso. - Bhí caillichín na sliseála thall in "Átha Bhuaidh" in aice na Rátha agus do airigheadh na daoine í ag sliseáil éadaigh gach oidhche. Do bhí callichín thall I nDoirí leis agus do bhí sí ag sliseáil éudaig in aice na habhann.(continues on next page)
- Informant
- Tadhg Ó Muláin
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Muirneach Beag, Co. Cork