School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 310

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 310
  3. XML “Scéal - 'Fírinne Shearbh' Dúirt an Chloch”
  4. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dar leis an leanbh atá annso ar mo mhuin,
    Má ghoideas an mhuc nú má tá sí agam,
    Seo hín, seo hó, a Dhiarmuid,
    Seo hín, seo ho, a chiallaig,
    Ach chómh beag leis an gcloich annsan, agus le na línn sin labhair cl [?]
    "Fírinne shearbh," ar sise.
    Bhí bean istig i dtig lá agus do bhí muc geartha agus do bhí sí ar crochadh. Tar éis imtheachta dí thug fear a' tíghe fé ndeara go raibh píosa féola imthighthe agus do rith sé an diaidh. Nuair do tháinig sé suas léithe dúbhairt sí an rann ata sgríbhte thuas. Sé an d'fhonn dá aindheóin i gceart é. .1. Aon rud a bheadh ar duine a dhéanamh go mór i gcoinnibh a thola.
    Bean nú muc isroidhche. 1. Is mar a chéile an radharc do bheadh acu.
    Seana bhróig smeartha nó sean-duine beártha. .1. Ní fhéuchfaidí ró ghrána.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Piseóga
    Dá mbeadh fear ag dul ag obair ar maidin agus gur b'é an céud rud a chasfaí air ná bean ruadh ní bheadh aon rath leis i gcaitheamh an lae sin.
    Dá mbeadh feirmeóir ann agus go mbeadh a chuid ba agus capaill agus cearca agus rudaí mar sin ag fághail bháis air. Dá bhfaghadh sé smut de rud marbh agus é do chaitheamh isteach i dtalamh a chómharsainn d'imtheóchadh an mí rath go léir uaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Muláin
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Oibrí
    Address
    An Muirneach Beag, Co. Cork