School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 343

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 343

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 343
  3. XML “Seán Bán Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mar é, féach a bhfaghaidh sé mo chuid airgid." Bhí san go maith a's ní raibh go h-olc chun go dtáinig lá tuille. Bhí an chlagar ag tuitim go tiug i rith an lae agus na h-oidhche. Nuair eirig an cníopaire ar maidin ní raibh tásg ná tuairisg ar an mbloc. Súid fan na h-abhann é ar feadh seachtmhaine 'á lorg ach theip air é fhágháil. Fé dheire dhein sé suas a aigne ná déanfadh sé a thuille oibre go bráth arís. Fuair sé mála agus d'imthig leis ag bacachas. Ach i dtaobh an bhluic gur rug an tuille léi agus gur caitheadh amach i gcúl-ínse neósfad-sa dhíbh.
    Bhí gabha san áit 'nar caitheadh amach an bloc agus Seán Bán a b'aimn dho. Theastuig bloc ainneonach uaidh agus thug sé leis an bloc so agus shocruig fén ainneóin é. Thugadh sé é ndeara nuair a bhíodh sé ag obair go mbíodh fothram bhínn an airgid ag an ainneón 'a dhéanamh. Lá dá raibh sé caothamhail do sgrúdaig is d'infhúic sé an bloc a's do chonnaic sé na pluga Fuair sé cóir a's do tharraing é as do thuit trí céad sabhran óir amach as chuige. Rug sé leis abhaile chun a mhnaoi iad as dúbhairt léi gan an méid sin d'innsint d'aoinne. Bhí an cníopaire ag siúbhal roimis go dtí go bhfuair sé lóisdín i dtig an ghabha. Nuair a tháinig an gabha isteach istoidhche d'innis an cníopaire sgéal a bheatha féin do, conas mar dhein sé an t-airgead gur chuir i gcoimeád sa bhloc é as gur rug an tuille léi é. Do phrioc an gabha é féin ach má phrioc níor ghortuig ach dúbhairt sé le na mnaoi císte do bhacáil, deich sabhran is dachad a chur isteach innte as i thabhairt mar dhéirc do'n bhacach nuair a bheadh sé ag imtheacht ar maidin. Dhein sí amhlaidh. Fuair an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Gréasaí
    Address
    An Inse Mhór, Co. Cork