School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- CAISLEÁN DEASMUMHAN
Tá sean-chaisleán inaice tighe an tsagairt paróiste i Sráid Corcaigh i gCionn t-Sáile. Tá sé 'na fóthrach go ceann i bhfad. Árus cómhnuigthe leis na Gearaltaigh a beadh é sa tsean aimsir. D'Réir an pháipéir Stáit a foillsigheadh sa bhliadhain 1496 do bronn an Rí a lán báile port ar Iarla Deasmumhan. Ar na bailte puirt sin bhí Cionn t-Sáile. Is ón dtigh sin a bhailigheadh na Gearaltaigh an cáin a bhain leis an guan agus le tráchtáil. Bhíodar chómh láidir san agus chómh neamh-spleádach ó chomhacht Rialtais Sasana san am, gur choimheadadar cáin de'n tsaghas san futha féin.Tógadh an caisleán sa bhliadhain 1560. Tá círín na nGearaltach le féiscint fós os cionn an dorais. Coimeadadh príosunaigh cogaidh ann idir an bhliadhain 1700 go dtí 1746. Tugadh droch shaoghal do na priosúnaigh chéadna mar daoine gan truagh gan taise a beadh an lucht coiméadta. Deirtear gur minic a bhí sé céad príosúnach ann.I mí Eanair 1746 chuaidh an caisleán tré theine agus loisgeadh caogadh is a ceathar priósúnaigh na mbeathaidh. Ag Léageamh Recóird na marbh dúinn in Eaglais Naomh Eilthain chímíd go ndeintear tagairt ann(continues on next page)- Collector
- Sinéad Ní Bhuadhaigh
- Gender
- Female