Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Caisleán Dearmhmhan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. CAISLEÁN DEASMUMHAN

    Tá sean-chaisleán inaice tighe an tsagairt paróiste i Sráid Corcaigh i gCionn t-Sáile. Tá sé 'na fóthrach go ceann i bhfad. Árus cómhnuigthe leis na Gearaltaigh a beadh é sa tsean aimsir. D'Réir an pháipéir Stáit a foillsigheadh sa bhliadhain 1496 do bronn an Rí a lán báile port ar Iarla Deasmumhan. Ar na bailte puirt sin bhí Cionn t-Sáile. Is ón dtigh sin a bhailigheadh na Gearaltaigh an cáin a bhain leis an guan agus le tráchtáil. Bhíodar chómh láidir san agus chómh neamh-spleádach ó chomhacht Rialtais Sasana san am, gur choimheadadar cáin de'n tsaghas san futha féin.
    Tógadh an caisleán sa bhliadhain 1560. Tá círín na nGearaltach le féiscint fós os cionn an dorais. Coimeadadh príosunaigh cogaidh ann idir an bhliadhain 1700 go dtí 1746. Tugadh droch shaoghal do na priosúnaigh chéadna mar daoine gan truagh gan taise a beadh an lucht coiméadta. Deirtear gur minic a bhí sé céad príosúnach ann.
    I mí Eanair 1746 chuaidh an caisleán tré theine agus loisgeadh caogadh is a ceathar priósúnaigh na mbeathaidh. Ag Léageamh Recóird na marbh dúinn in Eaglais Naomh Eilthain chímíd go ndeintear tagairt ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sinéad Ní Bhuadhaigh
    Inscne
    Baineann