School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 148
  3. XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”
  4. XML “An Cearrbhach is an tSochraid um Meán Oíche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuireadh amach sa bfairrge an beirt acu, agus cailleadh Seán O Donncadha agus chuaidh a bhuacaill saor, agus ní bhfuaireadh an tuairisc ar an mbitheannac olc maith na 'naoi. Is amhladh a thug a' sagart droch guidhe éigin do, tá fhios agat; caill a' sagart é nuair a chuaidh sé ró chruaidh air, Well do dhien file béarsa annsan:-
    "Is mó a 'scéal do Clanna Gaedeala'
    Gaill go h-uasal, uaisle a dtraochadh
    Dlighe Shasnna a fháaint in Eirinn."

    Trí ficidh blían ó shoin chuala an sceal san ó Pádraig Ó Seanacáin, bhí na cómhnuidhe teas i gCíll Fionáin agus bhí sé féin trí ficidh blian nó deich blian is trí fichidh san am san.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. D'airigheas mar gheall ar bhuachaill a bhiodh ag imirt cártaí ingac aon oidhche, agus an oidhche seó bhí sé ag teacht abhaile agus bhí sé ana dhéanach. Bhí sé ag deanamh ar a dhó déág a clog nó leath uair tar éis dó deag, agus bhauil shocraidh mór uime agus bhíódar ag imtheacht thairis ag siubhal cois a chlaide isteach ag iarraidh ealódh uatha, ach do labhair ceann des na marcaig bhí sa t-socraid leis an bhfear bhí len ais. "Bainimíd siubhal as an mbuachaill anocht dubhradar le céile. Dubhradar leis teacht lena gcois. Dubhairt sé ná feadfhadh sé siubhail bhí sé ró tuirseach. Ó dúbhradar leis geóbhaimíd ne capaill duit. Well do fuaireadar saghais éigin capaill dó agus do bhí sé ag marcuigheacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Carthaigh
    Gender
    Male