School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 142
  3. XML “Na Seanscoileanna”
  4. XML “Dia agus Mise Chuige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí mór sheisear spealadóírí ag feirméar, agus bhí a mhac ar cheann acu, agus bhí mac an fheirméara 'na dtosach ag gearradh agus gach aon ceann de'n seisear fear 'na dhiaidh, agus iad ag cur díób h ar a ndícheall agus thar a ndícheall ag iarraidh coinneál suas leis. Bhí an seana fheirméar, Sasannac a beadh é. Bhí sé 'na sheasamh ag geata na páirce a' feachaint ar 'na fir a' gearradh nuair a ghabh fear siubhal anoir a' bhóthar agus do chuaidh sé chuige agus dubhart sé bhí sé ag féacaint ar an obair bhí ar siubhal agus dubhart sé leis an bhfeirméar ná ceart do'n mhac bheith ag cur de cómh tréan san, go marbhóchadh sé na fir. "Sin é an buachaill" adubhart an seana fheirméar "cuirfidh sé sin iachaint ortha an págh a thuilleamh." Fear breágh, deag chumtha b'ead an fear siubhail é cómh sgafánta aon lá le mac an fheirméara. Preab sé isteach sa pháirc agus d'fhiafhruig sé de'n fear deirionnach bhí ag gearradh, an speal a thabhairt do, agus dubhairt sé go dtabharfadh agus fáílte. Do thóg sé an speal, agus do gaibh sé ar a cuma féín é, mar dubhairt sé na raibh sé in órdú ag an bhfear eile, cun
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Mathúna
    Gender
    Male