School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thánaig buachaill óg, é féin 'sa seisreach capall, 'sa a cheácht, agus móinfhéar ná raibh aon nídh ann ach luachair. Dar leis féin, é féin 'sa chapaill go ndubhart sé go n-iompóchadh sé an luachair sara bhfágadh sé an pháirc. Ní raibh sé ar shlait a iompáil de, nuair a thosnuigh a' luachair ag gáiridhe fé. Bhí sé chómh righin, chómh daingean san, ná féadfadh sé filleadh ná facha a bhaint as. Thánaig fear eile ann 'na dhiaidh. agus capaill caola, ciara air agus bhí an fear féin tromaliatha. Sin é adúbhart sé leis a' luachair "beir cughat" bhí an luachair ag cnagadh roimis annsan :- "Capaill caola ciara agus fir tromaliatha". Sin iad adúbhart leis an luachair "beir cughat". Nuair ná tánaig sé go bog chuig an buachaill óg, thug sé suas, agus thug a chapaill suas é chómh maith, ar fear meán aosta sa a capaill "ciara caola" do chochfaidís leis sara dtugaidís suas é.
- Bhí sórt osbuidéal, do na daoine go raibh a fiabhras acu, thíos agus bealach ó ló, mar a bhfuil cómhnaidhe ar Seán Ó Muirithle(continues on next page)