School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leo fanúint amuigh, agus annsan thosnuig sé ar na franncaigh, agus dubhart sé:-
Dísbirt na Saoire 'sa domhnaigh ghil
Bhur ndíbirt as a gcill seo, go fonn liom dul.
Tá míle ciardhubh a dteampull Rois.
Is bróid na gcuibhreann go Samhain na Subh agus do gluaiseadar leó síos go dtí Breán Tráigh, agus soir agus treasna an droichead adhmaid bhí treasna Cuan naLéine an t am san. Isteach leo go Cuan dor agus amach airís soir a bóthar dtí an Ruarach, agus Níor dheineadar stad na sraonadh gur shroicheadar teampull na Sasanach i Ross Cairbire agus d'fanadar annsan, agus táid ann ó shoin. Tá scéal mar gheall ar aon bhFrannchach mór amháin bí comh mór le madra, agus bhí sé comh seannda san go raibh radharc na súl caillte aige. Ní raibh sé ábalta an bóthar d'feiscint ach fuar sé cabhair ó bheirt compánach leis. Fuaireadar Siúd Cipín beag sa díogh agus Chuireadar isteach na mbéalaibh é. ceann díobh ar gach taobh de. Annsan do thánaig an franncach mór 'na lár, agus cur sé an dá lapa tosaig anáirde ar a gcipín, agus sa t-slighe sin tugadh an tslighe go léir é isteach go teampull Ruis
.........
Nuair a chuireadh na Franncaigh isteach i dteampuill Ruis san dá teampull - Teampull Naomh(continues on next page)- Informant
- Seán Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork