School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 038
  3. XML “Seán Ó Coileáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí tig bheag deas aige féin dá mhnaoi. is mhaireadar go maith muinnteardha i bhfochair a chéile a feadh tamaill. Acht bhíodh Seán go ró minic ar ramhcán thíos i mbren trágha no istig sa Scibirín, nú thoir i Ros. Bhí Cailín eile de Mhuinntir Chochláin ana-ceanamhail air, leis agus tar éis [?] do bhorruig sé na éad idir é féin agus a bhean mar gheall uirthe seo. Ceathar cloinne do bhí an uair sin acu beirt mhac is beirt inghean. Tuiteadar amach ar fad le céile anois is d'imthigh a bhean uaidh go dtí a muinntir féin. D'fhanadh an Cailín eile na theannta is dócha agus rugadh inghean di. Fuair a bhean bás agus deineadh saghas pósadh air féin agus ar an mnaoi eile seo ansan. Níor phósadh go dleaghthach iad i naon cor. Níor réitig an dara bhean ró mhaith leis acht chomh beag leis an gcéad mhnaoi. is bhí sí chomh mór ar buile chuige lá dá raibh sé as baile gur dhóigh sí an tig agus a raibh ann. Ní fuláir nú dhóigheadh rudaí luachmhara an lá sin i dtig Sheáin
    bhí sé ag múineadh scoile sa scibirín annsan ar feadh tamaill. Ní raibh aige acht tig beag san Árdtsráid. I dtig i ingine sa Scibrín fuair sé bás sa bliadhain 1816. Níl fhios ag aoinne beó indiu cá mhéid amhráin do chum sé, ná an méid seanchais do scríobh sé. deirtear go raibh graiméar scríobhtha aige, agus roinnt d'foclóir curtha le céile aige
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish