School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 036

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 036
  3. XML “Seanbhean Bhocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá chúig bhéarsa dhe sin ann agus mar seo mhínig sé dhúinn cad fáth gur tugadh "Sean bean bocht ar Éirinn.
    cun go dtug diarmuid Mhaoil an gaigealach
    Foth-ghéag díom suas go Sasana
    is mo léan! seo an tslíghe 'nar baisteadh orm
    Sean bhean bhocht
    i dtaobh na hÉireann ba gnáthach don fhile bhocht bheith ag machtnamh fé mar a bhí filí nar b'é! San "ghaorhtadh úd tháinig smaointí ba dheise chuir sé le chéile luige Cois na h-Aidhlean timcheall is míle ar an dtaobh thuaidh den Scibirin bhí an Ghaorthadh; tá sé imthighthe ar aon-cuma. acht glaodhtar an gaorthadh fós ar an áit.
    Sa ghaorthadh céadna bhí sé nuair dhein sé tuireamh an Easpuig Úa Coileáin leis nú leig sé air go háirithe gurab ann do scannruigheadh é.
    ba bhreagh leis na coillte is na cuanta is na bánta úra glasa; ba bhinn leis ceól na mara agus glór na gcaisí. do b'fearr leis sléibhthe Chairbre 'ná toga ÚR-Mhachairí oirmhumhain agus d'fhág sé againn fomhachtnamh dár dhein sé ar bhreághacht is ar aoibhneas na duithche a bhí na thimcheall
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish