School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Page 033
- XML “Aoir an Fhile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá bhí Mícheál thiar i naice Bhéal an dá Chab agus bhuail sé isteach i dtigh ar thaobh bothair ar lorg dighe. "Scairtín na Coille" a bhí mar ainm ar an mbaile n-a raibh an tigh sin fuair sé an deoch. Ní raibh san árthach acht uisce "Mhuise go gcuiridh dia an ráth ar bhúr mbuaibh" ar seisean leis an gcailín do thug an t uisce dhó agus dathuigh é seo dhom a laogh
Dhein sí rud air. Thóg sí an t-árthach uaidh agus d'imthigh sí is fuair sí an bainne agus dhoirt sí braoinín de isteach san uisce. Ní mór a dhoirt sí isteach de, is dócha. Thug sí do mhícheál arís é. D ól sé cuid de agus stad sé is d'feach sé uirthi agus ar seisean:-
A Chailín ó Scairtín na Coille
go dtagaidh aicid i leat-thaobh do goile.
mar [?] a dhathuighis an t uisce.bí fear ó Chiarraige i naice Chuain Cuandor i [?] Cuille [?] do cheannuigh fear ó [?] Bhí an ciaruigheach so i dtig an tabhairne lá agus é ag tromaidheacht ar an áit theas
Seo mar labhair sé.
is dealbh bocht an áit
gur thuirleachas na lár
do thugas gnó do'n mhóir(continues on next page)