School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I gcursaí staire tá an áit seo ainmnigte le fada an lá. Deirtear gur isteach i gCuan Beanntraidhe a tháinig an bean uasal Caesear agus a caogadh Ban agus a triúr fear agus go dtángadar i dtir i nDunamárc in aice le Beanntraidhe. Deir cuid des na h-ugdair leis gur ann a thainig Clanna Mílead cun tír ar dtúis.
Is léir leis go raibh daonradh go tuigh ins an áit roimis Clanna Milead mar tá morán des na h-iarsmaí a baineas le Ré na gCloch in Eadragabháil idir gollain, Cromleaca, agus tá carn iongantac cloc in oirtear an paróiste. Bhí na Tuatha De Danann go laidir sa paróiste mar ta lios mór i gCruaca agus cupla ceann eile in áiteanna eile sa paróiste. I ré na gCriostaideacta deirtear gur gaibh Mocuda Naomhtha tríd an paróiste, ar ceann dá turasaibh agus tá tobar ar cliathán an chnuich ainmnighte na diaidh. Bhí baint éigin ag Naomh Factna no Fiacna leis an áit leis. Deirtear go raibh triúr driotháir ann dóibh Collóg Comóg agus Fiachna agus go raibh Naomh Íde mar máthair altroma acu. Do chuir duine díobh seipéal ar bun in aice Caol Cill cupla míle o Bheanntraidhe, Cill Mac Comóga tugtar air, duine eile séipeil ar bun i gCill Mac Collóg, agus an tríomhad duine san áit ar a dtugtar Fiactna anois i bParóiste Bunán i gCiarraighe theas. Tá na sean-fothrach san le feiscint fós agus tá roilig mór timceall gach cinn acu anois.
Siad muinntir Suilleabháín an treabh(continues on next page)