School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 213

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 213

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 213
  3. XML “Dealramh an Pharóiste Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fadó act mar a gaibh an sean bothar ó Caisleán Béara go Beanntraidhe sé sin suas tré Cill Cásgain agus ar chliathán an cnuic timceall leath mhíle ó na bharra gur gaibh sé amach tré Bearna Gabhaile tar éis gabháil tré cruacha, drom a tighe Beara, Liath Druim, Leaca Bhán, Caol a Goláin, annsan tré Cúm Iarthac, Mágh Fhinnegáin, Deire na Fola, Cubhar Annell, Ceappac aughna, Mounteen Sodair, Ros na [?], Rín Mhín, Drom garbh, agus síos tré Caola nDoimhin agus Cúm Sheoladh go Beanntraidhe.
    I dtigtibh cuid aca boct - agus cuid acu acfuinneac go leór do mhair na daoine ar taobh an bothair sin fado agus is in aice an bothair sin atá aon áiteanna suimeamhail i mbéal na ndaoine fós. Tá rian na ndaoine ar an sean-bhéalac sin in áiteanna nach bhfuil tásg na tuairisg ar duine le fada an lá anois, mar tá sean-paircíni le feiscint in uaigneas na gcnoch, agus rian an n-iomairí fos ortha, agus fotrach botháinín annso is annsúd in áiteanna nach cuimhin le h-aoinne daoine bheith na gcomhnuidhe ann.
    I gcursaí foirsgnimh áit ana suimamhail iseadh an paróiste no an ceanntar arfad ó Gleann Garbh go hEadragóil. Na beanna atá ann tá siad puinnteach agus log beag in a furmór cosamhail le "crater" bolcanó atá gan fuinneamh anois. Na teannta san tá rian ré na lic oidhre le feiscint go soiléir ar na carraigreacha, iad go léir sgríobta agus golláin mór go tuig 'na seasumh anuas ar a chéile agus gur dóig le h-aoinne nár gádh acht puth gaoithe cun iad do cur le fánaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish