School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0279, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0279, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 307
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní'l ach aon thobar beannaithe amhain sa pharoíste seo agus glaodhtar tobar a bheannacha air. B'é Naomh Mochúada an Naomh a bhunaidh é agus dubhairt sé go leighisfeadh sé daoine go mbeadh trioblóid mór orta acht an t-uisge d'ól. Bhí baintreabhach in Eadragabhail agus ní raibh aice acht aon mhac amháin agus bhí seisean 'na bacach is bhí a mháthair ag dul i n-aois. Nuair a chuala Naomh Mochúáda an scéal sin bhí truagh aige di agus sin é an fáth a dhein sé an tobar beannaithe chun an bhuachaill sin do leigheas. Dubhairt an Naomh le na mháthair ná leighisfeadh an buachaill go dtí go bhecifeadh sí franncach ag dul mórthímpeall an thobair. Do chuaidh an bhean go dtí an tobar acht do theip uirthe é d'fheicsint. Do chuaidh sí an dara uair acht do theip uirthe arís ach do chuaidh sí an tríómhadh uair agus do chonnaic sí an franncach ag dul mórthímpeall an thobair. D'iarr an franncach uirthe, cad a bhí uaithe,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Tooreennagrena, Co. Cork
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    67
    Address
    Tooreennagrena, Co. Cork