School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 398
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán scéalta ag na daoine i dtaobh na naomh a bhí in Éirinn fadó. Seo sean-scéal i dtaobh Naomh Bríghid agus an Maighdean Mhuire. Fadó fadó tar-éis breith ar dTighearna Íosa Críost Bhí an Maighdean Muire agus Naomh Brighid ag dul go dtí an teampall chun paidireóireachta agus nuair a thánadar go dtí an teanpall bhí sluaghtha daoine ann agus dubhairt an Maighdean Mhuire le Naomh Brighid go ndéanfadh gach duine acu san peaca nuair a bhfeicfeadh siad í mar caoinfeadh siad ar rudaí olc. Nuair a chualaidh Naomh Brighid é sin tháinig brón uirthe agus dubhairt Naomh Brighid leí ná bhféachfadh aoinne uirthe an fhaid a bheadh í féin i n-aonfhacht leí. Fuair Naomh Brighid píosa céacht go raibh mórán poill ann agus do cuir sí coinneal isteach i gach poll díobh agus do ghlach sí iad go léir. Annsan do chuir sí ós cionn a cínn é is do chuaidh sí amach roimh an Maighdean Mhuire.(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork