School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 272
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn "lá chrosta na bliadhna" againn ar an tríomhadh lá de'n bhlíadhan sé sin an Lúan an bhliadhan seo. Ní thosnuigheann na daoine ar aon obair núd a dhéanamh an lá san nó nó aistirughtear isteach idtig núa. Deirtear nách cheart do aon duine bláth a thabhairt isteach in a thig féin ar feadh mí na Bealthaine acht tugann siad isteach an Samhradh ar an tráthnóna deiridh de mhí Abráin. Eirigheann gach aoinne go moch Lá le Pádruig agus tugann siad isteach slatín saillighe. Dóigheann siad a bharra ins an teine agus cuireann siad cros ar a ngúalainn clé. Bíonn tráig ana mhór againn nuair a thagann "Rabhairta Geala na Casga" agus mar a gheall ar sin téigheann na daoine go léir chun an tráig. Tugtar "Foghmhair na nGéanna ar an dá mhí deireadh do Fóghmhair sé sin Meádhon Fhóghmhair agus Deireadh Fóghmhair. Sé an brígh atá leis ná dá mbeadh duine(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ua Mathghamhna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Coolieragh, Co. Cork