Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 390

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 390

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 390
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí siopaí go flúirseach san gceanntar so fadó. Bhí siopa i Dromalácáin ag Seán Óg, siopa i gCúlmágort ag Ó Fhóghludha...

    Bhí siopaí go flúirseach san gceanntar so fadó. Bhí siopa i Dromlácáin ag Seán Óg, siopa i gCúlmágort ag Ó Fhóghludha, siopa i nGort-Bhuide ag Pádruig Ó Shiochfradha, siopa againn féin i gCeathrú-na-hAbhann, agus cheann i dTírcoulter ag Míceál Ó Meara. Bhí Pádruigh Ó Siochfradha ag díol mín buidhe, agus cheannuighidís an taé agus an súcra, agus dhíolfaidís na h-uibheacha a mhalairt airgid.
    Cheannuigidís tar éis an Aifrinn na creanaisín go léir a bíodh ag teastáil uatha an t-seachtmhain a bhí chúcha. Ní raibh an t-airgead ró-fhlúirseach san t-sean-aimsir in aoncor mar bhí an chíos ró árd, agus an tíghearna talmhan ró chruaid ortha, agus dá gcloiseadh an tígearna talmhan go raibh airgeadh ag aoinne d'árdhóchadh sé an cíos air, acht bhí an saoghal ó láimh go béil acha.
    Bhí fear ag dul ó thig go tigh le sean-chapall, agus cáirt aige ag díol tae le gach aon bhean-a-thighe. Bhí margadh i gCíll-Orglan agus cheann eile i gCíll Áirne agus tá siad fós ann. Bhíodar á dhíol ím, coirce
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cobhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carhoonahone, Co. Kerry