School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 339
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Aonach
Fadó bhíodh na h-aontaighe dén dtuaith. Bhíodh aonach mór i gCill Gobhnaith uair san mblian ar an 11 go lá de mí na Feabhra. Bhíodh an aonach san chómh mór le h-Aonach-a-Phuic, agus taghadh daoine ó gach conntae in-Éirinn ag díol is ag ceannach, capall, muc agus mar sin. "Aonach Chíll Ghobhnaith" a tugaí mar ainm ar an aonach san. Bhíodh clós ag gach cheannuighteóir cun a chuid bheidtheach a cur isteach ann. Tar éis tamhaill cuir na "tíghearnaí talmhan" deireadh leis na h-aontaighe fén dtuaith. Tíghearna darbh ainm dó "Samual Murry Hussy" a áistright an t-aonach ó Chíll Gobhnait go Cíll Orglan. Bíonn an t-aonach san i gCíll Orglan ar an 11 adh Feabhra agus tugtar an "Páthrúin" mar ainm air anois. Bhíonn na h-aontaighe i gCíll Áirne agus i gCíll Orglan uair sa mhí anois. Nuair a dhíoltar aon bheidhtheaigh nó aon muc anois tugtar airgeadh don bhfear a bhíonn 'na sheasamh in-aice gatha páirce an aonaigh agus nuair ná díoltar na bhethteaigh ní tugtar aon airgadh. Nuiar a díoltar much tugtar trí pinginne ar ceann ortha, agus tugtar réab air seafóidí agus air bulláin. "Airghid cun Ratha" a tugtar ar an airgeadh san. An tíghearna "Cinn Mara" a chur an dlighe sin(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Chonchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry