School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Stewardeen

Bhí fear ‘na chomhnuidhe in áit éigin in aice le teora na gConndae fadó agus maor de shaghas éigin a bhí ann-is cosamhail –pé ainm eile a bhí air mar b’é a leas ainm a bhí air na “Stewardeen.” Chomhnuigh sé i dtigín beag ar thaobh an chnuic agus ní raibh ‘na theannta aige ach gadhairín. Théigheadh an madaraín in ngach áit leis agus an Domhnach so ac go h-áirithe lean sé “Stewardeen” ” nuair a bhí sé ag dul ag dul ar Aifreann, gídh gur dhein sé a dhícheall é do bhagairt abhaile ach ní raibh aon mhaith dho ann.
Bhí san go maith agus nuair chuaidh “Stewardeen” isteach san t-séipéil chuaidh Dúicín ( an gadhairín) isteach ina theannta.
Tháinig an Sagart amach ar an áltóir agus do chonnaic sé Dúicín síos uaidh. D’órduig sé do’n té gur leis é do chur (amach) lasmuigh de’n doras ach in aimhdheoin gach ní a dhéanfadh Stewardeen ní raghadh “Dúicín” amach dó. T’réis tamaillín chonnaic an sagart go raibh an gadharín istigh fós agus tháinig fearg mór air, agus tháing sé anuas ón áltóir. Bheir sé greim ar an maidirín bocht agus bhuail

(continues on next page)
Informant
Bean Uí Ceinnéide
Gender
female
Age
70
Occupation
bean feirmeora
Address
Knockysheehan, Co. Kerry
Language
Irish