School: Caladh na Feirsde (roll number 13481/2)

Location:
Callanafersy West, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Luain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0433, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0433, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Feirsde
  2. XML Page 101
  3. XML “Eachtra na Mná Móire thar Lear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eachtra na Mná Móire Thar Lear.
    Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cúmhail agus a chuid fórsaí ag fiadhach ar chnoc na bhFian. Do ghluais rómpa amach eilit mhaol agus do scaoil gach duine go léir a ghadhar féin 'na diaidh. Ba thapiula gadhar a bhí aige Fionn Mac Cumhail na seabhach ag imtheacht trí choill. Do scaoil Fionn féin a dhá ghadhar deag 'na diaidh agus beal baidhe. I gcúrsa an laé do lean na gadhair go léir í feag na laé go dtí an tráthnóna. Nuair a bhí drúcht agus deiriní agus meirinín ceoidh ag teacht do chuochadar cúcha na gadhair go léir trí chnocaibh, trí sléitibh go triseach trighin bruighte. D'fhíll go léir na gadhair go léir abhaile ach Bran. Do lean Bran í feag dhá lá agus dhá oidhche. Níor imthigh aon fiadhach riamh ó Bran ach an eilit mhaol. Do lean Bran í síos go dtí iochtar na hÍfreann agus do dhein sí bean dí féin ansan thíos in iochtar na hÍfreann, agus nuair a chnoc Bran gur dhein sí bean dí féinig d'fhill Bran a waile ansan. Bhí Fionn Mac Cumhail amuigh sa chnoch feachaint amach a nfheiceadh sé Bran cuige in aon chor. Chnoc se cuige Bran an tarna lá trí chnocaibh, trí sléitibh agus trí fíor bograchán; agus do luig sí 'ge cosaibh Fionn Mac Cumhail go tuirseach, tinn brúite tréis an dhá lá, agus do ghol go fuidheach. Sé dubhairt sí le Fionn Mac Cumhail "Is baolach liúm go gcuiridh sí an Fhéinn go léir chun báis. D'fhill an eilit mhaol an tarna lá, agus do tháinig sí i gclódh mná cúca." Fiosairím díot, a bhean mhaith, arsa Fionn Mac Cumhail, gud é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Seamas Ó Luain
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Callanafersy West, Co. Kerry
    Informant
    Seamas Ó Máille
    Gender
    Male