School: Caladh na Feirsde (roll number 13481/2)
- Location:
- Callanafersy West, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ó Luain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Feirsde
- XML Page 123
- XML “Oíche Shathairn agus Aoine an Chéasta”
- XML “Naomh Pádraig agus Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Níor chuaigh bád mór chun fairrge Aoine an Chéasta chun ualach gainimh a tabhairt a bhaile léi. Thagadh gála mór uirthi aon thrus a chuaidh sí an agus b'eigint dí chur isteach sa chuan chun fuithint d'fhágailt ó'n gála.
Seumas Ó Máille
Caladh na Feirsde a d'innis an méid sin
Seamuas Ó Luain, O.S.,
Caladh na Feirsde,
Baile'n Mhuilinn - Nuair fhá Oisín Tí na nÓg dubhairt a bhean leis a scob do thír na n-óg é ná raibh aoinne de fiannaibh Éireann na mbeathaidh in Éirinn anois, "agus seo láir duit agus nuair a ragha tú in Éirinn má thagann tú anuas de'n láir ní fhillfir go brách go dtí Tír na nÓg." Do bhuail Naomh Pádraic leis fé bhun Cnoch na bhFian, agus bhí capall aige Naomh Pádraig agus bhí sé a d'arraig mála mion choirce (oatmeal) chur suas na drom agus d'iarr sé ar Oisin teacht anuas do'n láír agus cabhair a thabhairt do an mála mion choirce do chur suas in drom a chapall féin. "Ná fuileann tú ábalta ar a' mála beag cur suas ar dhrom an chapaill?" arsa Oisín. "Ní chuirfinn," arsa Naomh Padraig, "ná tusa im ' theannta." "Is minic a bhíós," arsa Oisín agus ní dheanfadh meud tá sa mála go léir trí greim bidh dom." "N í fheachaís aon fhear riamh," arsa Naomh Pádraig leis," a cuirfeadh suas ar dhrom an chapaill é." Is(continues on next page)
- Collector
- Seamas Ó Luain
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Callanafersy West, Co. Kerry
- Informant
- Seamas Ó Máille
- Gender
- Male
- Address
- Callanafersy West, Co. Kerry