School: An Cam (Camp), Tra Lí

Location:
Camp, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0432, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0432, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cam (Camp), Tra Lí
  2. XML Page 145
  3. XML “Rudaí a Chuala Féin agus a Thugas fé nDeara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an Mhallaig agus bhíodh na buachaillí ar sgiobaig chun na raice d'fhagháil. Chun eagla a chur orainn innstí scéalta dhúinn go mór mór scéalta a chuirfeadh draoidheacht na bhfaill na luige orainn. Seo cuid de sna rudaí a deirtí liom féin. Ní hamhlaidh a cúmtaí na scéalta seo; do chreideadh lucht a n-innste ionnta comh cinnte agus b'fhéidir ní ba cinnte ná mar a chreidimís-na agus rud eile is ós na giniúint rompa a thángadar.
    Scéal mar gheall ar an lámh dhearg
    "Bhí fear fadó ann agus bhíodh sé i comhnaighe ag lórg raice imeasc na bhfaill, rud nár cheart do mar tá cuid de sna faillteacha fé dhraoidheacht. Well, aon fháill amháin bhíodh lámh dhéarg á fheiscint innti agus an á a chífeadh í níor mhaith an mhaise dhó. Well! aon lá amháin, ná raibh séag teacht aníos an fháill seo agus ná feacaidh sé an chrobh dhearg agus nár thuit sé síos agus nár mar bhuigheadh é." Tá sé ceathair 's tríocha nó mar sin bliantaibh ó innseadh an scéalín sin dom. (mo mhathair a d'innis an scealín seo dom. 67 bh. d'aois)
    Bhí áit ile inaice an bhaile go mbítí ag iasgach bhallach ó thít le slait san "An Bréagaire" an ainm a bhí air agus atá air fós. Bhí sean duine 'nsa chomhnaidhe ar an mbaile darbh ainm do Pead Óg Gloster agus mara mbeadh Peaid amuigh ar an nGaill (bannc deargán i lár Chuan Snarbie) ag iasgach le dorughain, bheadh sé ar an mbréagaire le insa shlait. Bhíodh ana éileamh ag na garsúin leis tamall a thabhairt ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    42
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Garrahies, Co. Kerry