Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 630

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 630

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 630
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh fear ó Dhúnchaóin go dtí an Daingean lá. Do theastuig cúig gallún beathuisghe i gchóir bainfeise baistíghe uaid. Bhí muil mhór dhubh aige, agus bí úinacha ar dhrom na mhulach chun an beathuisge do thabhairt abhaile. Sar ar dh'fhág sé an tig tabhairne tháinig cómharsa dho isteach, agus, bhíodar ó bhraon go braon go rabhadar ar meisce. Nuair thosnúigheadar ar dhul abhaile bhí se dórchadh agus bhí deabhad ortha. Nuair a bhí cúpla míle d'on bhóthar curtha dhíobh achu tháinig tuirse ortha agus shuigheadar síos ar cnocá cloch i bhí ar tháobh an bhóthair. Ní rabhadar i bhfad ann nuair thuit a gchodhladh ortha, agus chuaidh an mhúil amú. Nuair i dhuisigheadar chuadar ag lorg na múlach agus fuaireadar sínte ar an mbóthar í, agus mheasadar go raibh sí marbh, agus an dha chrúsca briste. "Ó cripes" arsa an fear, "cad a dhéanfhad anois? geobhaidh na pileiri amach é, agus chuidfidh siad i bpríosún mé." "Neósfaidh me dhuit cad dheanfainíd", arsa an fear i bhí inaónacht leis. "Bainfhimid an croiceann dí agus ní aithineóchaid na píleírí í" Annsan do bhaineadar an chroiceann d'on mhúil. Cuadar abhaile agus thugadar an croiceann leó. Go luath ar maidin amáireach bhí feár na mulach na shuidhe, agus nuair d'oscail sé an doras bhí an muil amuig ach ní raibh luid de'n chroiceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann