Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 636

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 636

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 636
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, fadó do táinig lóng seóil isteach go dtí Cuan Fionn Trágha. Lóng séoil do bead í. Maírnealaig ó'n Spáin dob eadh íad go léir ach aon Eireannach amháin. Do tháinig na Maírnéalaig go léir isteach go dtí Fionn Trágha agus d'óladar braon. Do bhí ualach mór óir ínnte.
    Do bhí an t-Eireannach ana chliste ar fhad agus do chuir sé chuid d 'en ór isteach 'na bhuataisí móra máirnéalaig, mar ní raibh aon rud eile aige chun an t-ór do chuir isteach ann; agus seo leis ag siubhal i dtró an "Mhullach Bhéal" ag ealú uatha.
    Nuair a chuaidh na máirnéalaig ar bórd airís do bhraitheadar an t-ór, agus an t-Éireannach leis, imighthe. Do thosnuigheadar ag rith na dhíaidh agus do thánadar suas leis ag "Gleann-Seana-Chuirp." Do lámhachadhar agus do goideadar (?) é. D'éirig leis dul go dí áit éígint annsan agus do chuir sé an t-ór i bhfolach ann. Cúpla lá na dhiaidh si do fuair na daoine a chorp agus in aice an chuirp do bhí leac agus ar an lic do bhí an scríbhinn:-
    "IDIR DHÁ SHRUTHÁN IN AICE LOCHA, FÉ SCÁTH CHRAINN FOLLAIMH, ATÁ AN t-ÓR I bhFOLACH"
    Tá sé ráidhte go bhfuil an t-ór ann ó shoin.

    (Fuaireas an sgeal so ó Dhonnchadh Ó Griffín atá 40 bl. Cualaid sé sin é ó-na Sheana-athair atá marbh anois)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlis Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gríffín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40