Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 740

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 740

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 740
  3. XML “Ainmneacha Carraigeacha i bParóiste Breanndán”
  4. XML “Ainmneacha Srutháin i bParóiste Breanndán”
  5. XML “Ainmneacha Toibreacha i bParóiste Breanndán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Abha na Féinne:-
    Glaodtar an ainm sin ar an abhainn mar deirtear go mbíodh na Fíanna ag fiadhach ar a bhruachaibh fadó. Tá cloch mhór san abhainn an aice "Droichid na Scoile" agus deirtear go raibh an chloch san ar bárr Chnoic Bríanáin agus gur chaith Fionn Mac Cumhaill é síos mar a bhfuil sé anois.

    2) "Cúl a Ghrin" :-
    Glaodhtar an ainm sin ar an abhainn mar bíonn a lán grean agus gairbheal ag rith anuas leis.

    3) Sileadh na Srón:-
    Glaodhtar an ainm sin ar an abhainn mar tá sé anaice "Srón Bhroin".

    4) An Srúil:-
    Abha beag ag rith chun na fairrge tré Muiragán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Éamon Ó Déada
    Inscne
    Fireann
  2. 1) Tobar an Leasa:-
    Glaodhtar an ainm sin ar mar tá sé anaice liosacháin agus deirtear go raibh na Danair san lios san fado.

    2) Tobair Flainn:-
    Glaodhtar an ainm sin air mar deirtear go raibh naomh na cómhnuidhe in aice na h-áite fadó gur b'ainm dó Naomh Flann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.