Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Is droch chómhartha ar an aimsir é nuair a bhíonn an sugha ag tuitim, an bearradh caorach san spéir, na lachain ag glaodhach, agus na cnuic ag feachaint ana ghairrid2) Nuair a théighean an ghrían fé ana mhuchta agus nuair a thagann an bogha sín ar an ré (chómartha báistí)3) Nuair a bíonn an cat na chodhla anaice na teine (Cómharta báistí)4) Na ba bheith ag rith leis an dteas agus na beacha a bpriocadh (cómharta báistí)5) Nuair a bhíonn na h-ealaí ar an mbonnc (chómhartha báístí)6) Na réilteanna bheith a ghlioscarnaig (cómharta báistí)7) An méirnáil bheith ar an t-uisge (cómharta báistí)8) Nuair a tuiteann an ceó anuas ar na cnuic is mór an (chómharta baistí é)
9) Do bhí bean ann fadó agus dúbhairt sí le na chéile eirig agus téir a díarraidh na móna gur eirigh an grían ana mhúchta, go raibh an dearg thoir agus an coróg líath a labhairt; - "ná chreid-sí féin an coróg líath" arsan fear, "ná cómhrádh dían na mban, mar much deirneach mar eirigeóchaidh an ghrían is toil le Día bheidh an lá.
10) Nuair a bhíonn borradh mór ann agus an lá ana chiúin is mór an (chómhartha báistí é)11) Nuair a bhíonn na cúirliúin ag eitilt go h-árd agus ag screadaig