Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 609

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 609

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 609
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí rígh ann fadó agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Do bhí an rígh ana thré na chéile ar eagla go mbúailfeadh aon nídh ar an mac a thógfadh as an saoghal é, mar shaoil sé go mbeadh an coróin aige na' ghaolta do dhein beart náireach air féin nuair a bhí sé 'na fhear óg. Do bhí coill tímcheall dhá mhíle ó phálás an rígh, agus nuair bhíos aon uair spárálta ag an garsún is ins an gchoill seo a bhíodh sé, ag féachaint ar an crainn go léir agus ag caitheamh aimsire. Do bhí ainmhidhthe fiaidhne go flúirseach ins an gcoill agus do bhí eagla ar an rígh mag gheall ortha so leis, go n-íosfaidís an garsún. Sé an rud a dhein an rígh ná coill a chur a fás anaice a phálás féin agus falla árd mór dtímcheall air. Nuair a bhí an méid sin déanta ag an rígh do bhí sé ana shásta; ach níor shocruig san an sceal. Lá dá raibh an garsún ag dul suas crann go raibh neadéin ann, do thuit sé síos agus do bhris sé a mhuinéal. Nuair a chualaidh an rígh an scéal bhí sé ana bhrónach. Taréis a dhíche [?] a dhéanamh d'imtig an coróin go dtí a namhaid, agus sé an rud a dúbhairt an rígh ná "gur cuireadh ó thig an deamhain go tig a donais é".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás O Néil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Eoghan Ó Neil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 65
    Seoladh
    An Tír Íochtarach, Co. Chiarraí