Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 671

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 671

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 671
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad na comharthaí aimsir bhreágh is mó bhíonn ag na daoine san áit seo:-
    1) Ní bhíonn aon scamaill san speír.
    2) Bíonn an ghrian ag lasadh 's a muchadh.
    3) Tá tráigh laisthíos dúinn go nglaodhtar "Tráigh Bháin" air agus nuair a bhíonn sé ag glóráil sin comheartha eile.

    Seo iad na comharthaí droch aimsire is mó bhíonn ag na daoine san áit seo:-
    1) Thagann na géanna fiadhaine ó Oileán na h-Árann go dtí Loch Léin roim sneachta.
    2) Tagann na druide o's na tíortha eile.
    3) Bíonn an spéir ana dhorcha
    4) Bíonn an spéir chómh glan le scilling nuair a bhíonn sé chun seaca a chur
    5) Bíonn sé lán de réilthíní
    6) Nuair a bhíonn bogha sín mór timcheall na gealaighe
    7) Bíonn an spéir lán do scamaíll agus iad ag gluaiseacht go mear
    8) Nuair a bhíonn sé chun cith báistighe do dhéanamh thagann bogha sín ar an spéir
    9) Thagann dath dearg ar an speir
    10) Nuair a bhíonn mórán gaoithe ann agus smuit an bhóthair ag eirighe sin cómhartha báistighe
    11) Bíonn glór mór á dhéanamh ag "Cam Trágha."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Leighin
    Inscne
    Baineann