Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 685

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 685

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 685
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Síad na daoine dob fhearr chun siubhal a bhí sa Pháraóiste seó ná:-
    1) Máire Ní Mathúna ó'n Ghleann a bparóiste Clocháin
    2) Mícheál Mac Gearailt ó'n gClochán
    3) Seán Óg Breathnach ó'n dTír a bparóiste Breandán

    1) Deirig Máire Ní Mathúna go much madin Samhraidh agus do chrúidh sí na ba. Dimig sí ar siubhal annsan go dtí Tobar na Molt ag tabhairt turas, agus bhí sí ag abhaile arís tráthnóna chun na ba do chruidhte
    2) Do bhí Mícheál Mac Gearailt na chómhnaidhe san gClochan agus do bhí capall bán aige agus níorbh aon teabhair do léimint thar an gcapall
    3) Do bhí Fríanc Mac Gearailt na gómhnuidhe san gCeapaig fadó maidin amháin chuaidh sé díarraidh na mba chonnac sé an fear ag deanamh air, agus cé bheadh ann ach Seán Óg Breathnach. D'fíarraidh Frianc de cá raibh sé ag dul, dubhairt sé go raibh sé ag dul go dtí an Daingean a díarraidh corán chun an choirce do bhaint. Dhá uair na dhíaidh san, nuair do bhí Frianc ag seóladh na mba do gaibh sé thairrais amach agus an corán aige tar éís teacht ó'n nDainghean.

    Sé an fear dob fhearr chun rámhíocht do bhí sa pharóíste Clocháin ná Seán Ó Tuatha. Bhí sé ag íascaireacht oidhche amháin é féin agus beirt fhear eile, do bhíodar amuigh san bhfairrge nuair do thit an cheó. Ní raibh fhios aca cá rabhadar ag dul, ach íad ag rámhuíocht ar a ndícheal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhruig Ó Loinghsig
    Inscne
    Fireann