School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé íochtar na fairrge i n-uachtar agus uachtar na fairrge i n-íochtar. Tharraing sé bóithre maola criadharacht tré chorp láir na fairrge móire gach speach a thugadh sé, d'imteochadh sé seacht léig ar an bhfairrge.
Bhí sé ag gabháilt do'n corachán ó speach go speach, go dtí gur chuir sé i gcúinne Rí na Gréige é, an áit ná raibh aon ghaoth dá luascadh, ná an ghrian a sgoilteadh, ná an ghainimh á cinn-chogaint [?]. Chuir sé ceangal lae agus bliadhna air mar a mbeidh uaidh ach uair a chluig.
Léim sé ó bhórd an árthaigh as neart a chnámha agus as luath a chuirp i gcoinnibh na faille anáirde. Chuaidh sé dhá mhíle déag isteach sa talamh. Dhein sé fé dhéin Rí na Gréige. Bhí fhios aige ó Fionn Mac Cumhail go mbuailfeadh tarbh leis ar an t-slighe. Tarbh Srón Dearg a tugtaí air. Aon duine a théigheadh fe dhéin cúirt Ríogh na Gréige marbhuigheadh an talamh é. [Níor fada go bhfuair]. Bhí Oscar ag cur do. Ní fada go bhfuair an tarbh amach gur Éireannach a bhí ag teacht. Chuir sé béic as agus cloiseadh ar fud an domhain é. Dhein sé fé dhéin Oscair. Nuair a bhraith Oscar ag teacht é tharraing sé géag mór anuas do chrann a bhí i ngar do. Tháinig an tarbh chuige acht do rith Oscar timcheall crainn. Súid leis an tarbh i n-a dhiaidh. Bhíodar ag rith timcheall an chrainn ar feadh tamaill. Bhí an talamh ag dul i mbuigeacht fe'n a gcosa - le truimeacht(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry