School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal1. Siobhán Ní Súilleabháin,
2. Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
3. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCam a' Lochaig uair. Bhí sé ag aoidhearacht stuic ar an gCnoc lá breágh gréine agus bhí sé ag cuimhneamh is ag machtnamh dó féin. Nuair a bhí sé ag máirseáil imeasg an stoic bhuail pluais leis istigh fé chloich. Ní raibh acht poillín beag ag dul isteach fé chloich go dtí an phluais agus chaith sé síneadh siar chun dul isteach ann.
Bhí sé tógtha fé mar bhéadh aon tigh agus fallaí ós a chionn. Lás sé lasán istigh ann agus chonnaic sé boscaod óir istig sa bhfalla. Bh an falla tógtha timcheall air agus dhein sé a mhíle dicheall chun é tharrac amach acht do theip air.
Bhí sé ag cuimhneamh in-a dhiaidh sin ar píocóid a thabhairt leis agus an phluais a raobadh chun go mbeadh an t-ór go léir aige, acht bhí eagla air tabhairt fé ar eagla go millfeadh na daoine maithe é mar deirtear go bhfuil siad i n-a gcomhnuidhe ann. Níorbh fhéidir leis an phluais a dhéanamh amach i n-a dhiaidh sin cé go bhfeaca sé go soiléir í an lá bhreágh gréine úd a bhí sé ag aoidhearacht stuic.- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraigh Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry