Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Scéal ar McCarthy Beag agus McCarthy Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt dhríothár ann fadó dár bainm Mc. Carthy beag & Mc. Carthy mor agus bhídhís ag bailiú gach lá. Fuaireadar cortha do bheit ag bailiú agus chuireadar i gcómhle le chéile go ragad ís ag díol bioráin, & snátadí, sgabaill & padairíní. Do thánadar lá go dtí an gcrosaire agus dimig duine aco soir & duine aco siar. Dúbhadar le chéile go dtugadís le céile ara[?] i gcionn bliadhna féachaint cionnus a beithidís ag deanam.
    Mait mar a tárla. I gcionn bliadna thánadar le chéile arís ag an gCrosaire agus cóiruigheadar a gcuid airgid. Bhí chéadh go leith púnt ag Mc. Carthy beag agus céadh punt ag Mc. Carthy Mor. Deineadhar dhá leath do agus seo leo arís ag díol. I gcionn lá agus blíadhna thánadar le chéile arís go dtí an gCrosaire agus bhí dhá chéadh púnt ag Mc. Carthy beag agus bhí céadh go leit ag Mc. Carthy mor.
    Dheineadar dhá leat arís do agus seo leo arís ag díol. Thánadar arís le chéile i gcionn lá agus bliadhna agus bhí trí chéadh púnt ag Mc. Carthy beag agus dhá chéadh ag Mc. Carthy mor agus deineadhar dhá leath do. Seadh arsa An Fear mor tá ár ndóthainn airgidh anois againn agus tá feirm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seámus Ruiséal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Tomás Ruiséal
    Inscne
    Fireann