School: Bouleenshere (C.) (roll number 12865)

Location:
Booleenshare, Co. Kerry
Teacher:
Mary A. Walsh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0417, Page 489

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0417, Page 489

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bouleenshere (C.)
  2. XML Page 489
  3. XML “Tobar na Súl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I dtuaisceart Bhaile Uí Thaidhg, 'san áit ar a dtugtar "Gleann Dathalan", tí tobhar naomhtha, agus tá sgéal ag baint leis.
    Ar thaobh cnocáin atá ann, tá sean fhothrach ar a dtugtar "séipéiliín". Deirtear go raibh clochar ann sair sa tsean aimsir. Bhí Naomh Dathalan a cur an clochar so ar bun, & sin é an fháth a bhfuil an ainm sin, "Gleann Dathalan," ar an áit anois.
    Oidhche áirighthe fadó do ghluais long isteach san chuan ann, tháinig muinntir na luinge amach, & siúd leó i dtreó an chlochair, cun é d'ionsú.
    Guidhe an t-abb mháthair & na mná raigalta ortha, trócaire a bheith acu ortha, & gan iad do mharbhú; ach níor chuireadar suim ar bith ortha. Thosnuig an tabb-mháthair ag guidhe cun Dé annsan, & ní túisge a dhein sí é sin na deineadh dall na foghluidhe go léir. Ghlac an naomh truigh dóibh nuair chonnaich sí an rian a bhí ortha annsan. Chuir sí iachall ortha geallamhaint a thabairt dí ná chuirfidís isteach ortha a thuille agus do ghuidh sí arís. Annsan d'orduigh sí a súile do nighe ins an tobar. Dheineadar amhlaidh &
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás de Canntalún
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Dreenagh, Co. Kerry