School: Caladh na Muc
- Location:
- Callownamuck, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 007
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a ghníos na cleamhnaistí i gcómhnaidhe. Teigheann siad go dtí teach na mná agus cuireann siad in iúl dá h-athair is dá máthair gur maith léo a leitheid seo í a phósadh. Annsin bíonn seanchas aca fá shaidhbhreas an fhir - méid stoc atá aige, méad talamh, an cineál tíghe srl. Annsin ní foláir socrú fá spré na mná. Má tá airgead ag a h-athair geibheann an fear an méid atá ag dul dí. Muna bhfuil gheibheann an cailín stoc nó pé rud gur feidir lenn a túismíghtheóirí a thabhairt dó. Nuair a bhíos gach nídh sochruighthe bíonn "oidhche mhór" i dtígh na mná.
Tugtar cuireadh do na chomhursana teacht go dtí an teach agus tagann gaolta an fhir leis. Bíonn damhsa, ceol, siamsa is spórt ar sibhal i rith na h-oidhche ar fad.
An Pósadh Féin:- Maidin lae an phósaidhthe teigheann an fear fá dhéin an chailín. Bíonn a cháirde féin leis. Tugtar tae nó deoch dóibh i dtígh na mná. Annsin gluaisidh go léir go dtí an séipéil. In dhiaidh an Aifrinn teigheann na daoine go léir go dtí teach an fhir agus bíonn fleadh agus féasta mór aca. Teigheann an lánamhain nua ar thuras i ngluaistean - go(continues on next page)- Collector
- Madelín Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Callownamuck, Co. Galway
- Informant
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrowmoreknock, Co. Galway