03/10/2022 Weekly Pick  (See more »)

School: Caladh na Muc

Location:
Callownamuck, Co. Galway
Teacher:
-

Filter stories

Back
/ 104 Forward
Resolution: Low | High
Caladh na Muc | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deirtear nach bhfuil an leipreachán acht cómh mór le dorn fir. Caitheann sé cóta uaithne agus caipín dearg. Amuigh san bportach abhíos cómhnuidhe air, adeir na sean-daoine, "Gréasaidhe Leipreachán" a thugann furmhór na ndaoine air mar deirtear gurab é an gréasaidheacht an ceard atá aige. Do na sidheoga a ghníos sé na bróga, dar le daoine, cé go n-abruightear go ndearna sé do dhaoine saoghalta iad chómh maith.
Deirtear go mbíodh leipreachán 'na chómhnuidhe i gcnoch gainnimh atá i bPáirc, Ros Cathail. Bhí an leipreachán seo troigh ar aoirde. Duine ar bith a chídheas leipreachán ní mór dó a shúile a choinneal air ar feadh an ama nó rachfaidh an leipreachán as amharc. Tá a lán óir aige, deirtear.