School: Caladh na Muc
- Location:
- Callownamuck, Co. Galway
- Teacher: -

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 091
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 091
- XML “An Leipreachán”
- XML “An Leipreachán - Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear nach bhfuil an leipreachán acht cómh mór le dorn fir. Caitheann sé cóta uaithne agus caipín dearg. Amuigh san bportach abhíos cómhnuidhe air, adeir na sean-daoine, "Gréasaidhe Leipreachán" a thugann furmhór na ndaoine air mar deirtear gurab é an gréasaidheacht an ceard atá aige. Do na sidheoga a ghníos sé na bróga, dar le daoine, cé go n-abruightear go ndearna sé do dhaoine saoghalta iad chómh maith.
Deirtear go mbíodh leipreachán 'na chómhnuidhe i gcnoch gainnimh atá i bPáirc, Ros Cathail. Bhí an leipreachán seo troigh ar aoirde. Duine ar bith a chídheas leipreachán ní mór dó a shúile a choinneal air ar feadh an ama nó rachfaidh an leipreachán as amharc. Tá a lán óir aige, deirtear.- Collector
- Ailís Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Cloonmore, Co. Galway
- Sgéal I:- Bhí leipreachán ann uair a raibh cómhnuidhe air fá(continues on next page)